For faster navigation, this Iframe is preloading the Wikiwand page for Uirlis cheoil.

Uirlis cheoil

Bailiúchán d'uirlisí ceoil

Is éard atá in uirlis cheoil (nó gléas ceoil) ná feiste chun fuaimeanna ceolmhara a dhéanamh, i measc na lámhdhéantúsán cultúrtha is ársa dá bhfuil ann. Athraíodh is forbraíodh iad thar na cianta le forbairtí teicniúla, teacht chun cinn ábhar nua, agus intleacht a ndéantóirí is na gcumadóirí ceoil. Tá cuid mhaith acu imithe i léig, bíodh is go dtugtar ar ais iad ó am go chéile, chun luathcheol a sheinm, mar shampla.

Roinntear na gléasanna sa cheolfhoireann shiansach nua-aoiseach i 4 shaghas—gaothuirlisí adhmaid is práis, cnaguirlisí, agus téaduirlisí — agus rangaítear mar sin iad sna scóir ceoil. Bealach eile chun gléasanna a rangú, de réir an bhealaigh a seinntear iad: le bogha, séideadh, bualadh, tarraingt, méarú, nó tadhall amháin.

Glactar mar chaighdeán anois le rangú a thairg na ceoleolaithe Erich von Hornbostel (1877-1935) is Kurt Sachs (1881-1959) i 1914, bunaithe ar shaothar Charles Victor Mahillon (1841-1924). Roinn siad na gléasanna i 4 phríomhrang de réir airíonna fisiciúla foinse na fuaime (is é sin, airíonna an ghníomhaí chreathaigh): aerafóin (an t-aer ag creathadh), cordafóin (téad nó téada ag creathadh), ideafóin (corp an ghléis féin ag creathadh), agus scannánafóin (scannán rite ag creathadh). Ó shin cuireadh an 5ú rang leis: an leictreafón (ina gcritheann leictreamaighnéad, ascaltóir nó feiste eile leictreach nó leictreonach). Is féidir gach rang a fhoroinnt de réir airíonna eile.

Déanann uirlisí ceoil fuaimeanna ar bhealaí difriúla[1]. Ní sheinneann gach uirlis cheoil gach nóta atá sa tiúin.

Cnaguirlisí nó Uirlisí Tuargana

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buailtear uirlisí chun fuaimeanna a chruthú. Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na drumaí. Nuair a bhuailtear iad, creathann an "craiceann" agus cruthaíonn sé fuaim. Is é an guth daonna an uirlis cheoil is sine ar domhan.

Uirlisí Téad

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chreathann na téada, déanann na huirlisí ceol.

  • Is féidir na téada a phiocadh, mar shampla an bainseó.
  • is féidir bogha a úsáid ar na téada, mar shampla an Dordveidhil.
  • Is féidir na téada a bhualadh le casúr, mar shampla taobh istigh de phianó.

Déanann gaothuirlisí ceol nuair a shéidtear isteach iontu is creathann an t-aer atá istigh iontu.[2] Mar shampla, is uirlisí tuargana iad na fliúit.

  1. "An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-01. Dáta rochtana: 2012-02-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Gléasanna ceoil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 320.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
{{bottomLinkPreText}} {{bottomLinkText}}
Uirlis cheoil
Listen to this article

This browser is not supported by Wikiwand :(
Wikiwand requires a browser with modern capabilities in order to provide you with the best reading experience.
Please download and use one of the following browsers:

This article was just edited, click to reload
This article has been deleted on Wikipedia (Why?)

Back to homepage

Please click Add in the dialog above
Please click Allow in the top-left corner,
then click Install Now in the dialog
Please click Open in the download dialog,
then click Install
Please click the "Downloads" icon in the Safari toolbar, open the first download in the list,
then click Install
{{::$root.activation.text}}

Install Wikiwand

Install on Chrome Install on Firefox
Don't forget to rate us

Tell your friends about Wikiwand!

Gmail Facebook Twitter Link

Enjoying Wikiwand?

Tell your friends and spread the love:
Share on Gmail Share on Facebook Share on Twitter Share on Buffer

Our magic isn't perfect

You can help our automatic cover photo selection by reporting an unsuitable photo.

This photo is visually disturbing This photo is not a good choice

Thank you for helping!


Your input will affect cover photo selection, along with input from other users.

X

Get ready for Wikiwand 2.0 🎉! the new version arrives on September 1st! Don't want to wait?