Rudyard Kipling
Scríbhneoir Sasanach ab ea Joseph Rudyard Kipling (30 Nollaig 1865 - 18 Eanáir 1936) a bhfuil a scéalta cuimhnithe go príomha dá bharr cheiliúradh impiriúlachais na Breataine dá chuid, scéalta agus dánta de shaighdiúirí na Breataine san India, agus a scéalta le haghaidh páistí.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Kipling sa bhliain 1907.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Kipling i Bombay (Mumbai), India do Alice Kipling (née MacDonald) agus John Lockwood Kipling. Chas an bheirt acu ag Loch Rudyard in Rudyard, Staffordshire, Sasana. Bhí siad chomh tógtha sin leis an áilleacht de chuid na háite gur thug siad an t-ainm féin dá mhac.
Seoladh Rudyard Kipling ar ais go dtí Sasana é agus é 5 bliana d'aois.
Scríbhneoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an clú is mó ar Kipling lena scríbhneoireacht ficsin:
- The Jungle Book (sraith scéalta a bhfuil 'Rikki-Tikki-Tavi' mar cheann acu),
- Kim (scéal tinrimh),
- neart gearrscéalta mar 'The Man Who Would Be King',
- agus a chuid dánta, mar Mandalay, Gunga Din, agus If—.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Roimh 1898
-
Clúdach TIME sa bhliain 1926
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Text is available under the CC BY-SA 4.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.