Liam Mac Cosgair
Ba é Liam Mac Cosgair (Liam Cosgrave nó William Michael Cosgrave i mBéarla) an cúigiú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) (13 Aibreán, 1920 – 4 Deireadh Fómhair 2017). Bhí a athair WT Cosgrave nó Liam Tomás Mac Cosgair, i gceannas ar Éirinn ó 1922 go dtí 1932.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Mac Cosgair i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Ba mhac é le Liam T. Mac Cosgair, an chéad cheannaire ar rialtas an tSaorstáit.
Bhí Liam (agus a dheartháir, Micheál), ina ndaltaí scoile i gCarna i nGaeltacht Chonamara i 1930[1].
Bhain Mac Cosgair céim sa dlí amach i 1943 in Óstaí an Rí.
Bhásaigh an t-iarthaoiseach ar an 4 Deireadh Fómhair 2017 agus é 97 bliain d'aois. Bhí an tsochraid ar siúl i Ráth Fearnáin, BÁC. Bhí sochraid a athar ar siúl sa séipéal céanna 52 bliain o sin.
Polaitaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chláraigh Mac Cosgair le páirtí a athar, Fine Gael, nuair a bhí sé 17 bliain d’aois[2]. Toghadh é ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1943, agus é 23 bliain d’aois.
Ceapadh Mac Cosgair ina Phríomh-Aoire sa Dáil i 1948. Tugadh aireacht dó i 1954. Ba é a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1955 nuair a glacadh le hÉirinn mar bhall de na Náisiúin Aontaithe.
Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar an bpáirtí polaitíochta Fine Gael ó 1965 ar aghaidh. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, theip ar iarrachtaí Fhine Gael móramh a bhaint amach sa Dáil.
Cuireadh brú mór ar Cosgrave éirí as an gceannaireacht i 1969. Sheas sé an fód, mar a rinne sé go minic ina dhiaidh sin, i gcoinne na liobrálaigh óga (mar shampla Garret Fitzgerald) a bhí ag teacht chun tosaigh ina pháirtí.
Le linn Ghéarchéim na nArm, chuir Mac Cosgair brú ar an Rialtas agus ar cheannaire Fhianna Fáil dul i ngleic leis na hairí a raibh baint acu le hiompórtáil arm don IRA.
Sa bhliain 1971/1972, thacaigh Mac Cosgair le reachtaíocht de chuid an Rialtais a raibh faoi cur i gcoinne an IRA, in ainneoin go raibh cuid mhaith de bhaill a pháirtí ar son gan tacú leis na dlíthe nua.
Taoiseach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973. Tháinig comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht. D'éirigh Liam Mac Cosgairl mar Thaoiseach ar an chomhrialtas[3] agus d'fhan sé sa phost sine go dtí 1977. I measc na nAirí a cheap sé ina rialtas nua, bhí a chomharba Garret Fitzgerald, Pádraig Ó Donnagáin agus Conchúr Crús Ó Briain.
Ba le linn dó a bheith ina Thaoiseach:
- Géarchéim. An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac Mac Cosgair le héirí as oifig Donegan. Ansin cheap Mac Cosgair Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
- Scannail. Chuir Mac Cosgair in aghaidh an bhille a thug a Aire Dlí agus Cirt féin, Patrick Cooney, os comhair na Dála i 1974 leis na dlíthe a riar iompórtáil agus díol táirgí frithghiniúna. Theip ar an mbille.
- Gaeilge. Fógraíodh sa Dáil deireadh leis an riail Gaeilge le bheith ina riachtanas don státseirbhís sa bhliain 1974.
- Chomh maith leis sin, dhún an Taoiseach (le cabhair Richard Burke) na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile.
Tháinig deireadh le tréimhse mac Cosgair mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977, tar éis do Fhianna Fáil go leor suíochán a bhuachan, go mór mór i mBaile Átha Cliath. Garret Fitzgerald a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire ar Fhine Gael.
Choinnigh Mac Cosgair a shuíochán sa Dáil ar feadh beagnach dhá scór bliain, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht i 1981. Fear ionraic i measc polaiteoirí a bhí i Liam Cosgrave[4].
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cuimhní cinn ar Liam Cosgrave i gCarna, mar a raibh sé ar scoil i 1930" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-04.
- ↑ "Liam Cosgrave, former taoiseach and Fine Gael leader, dies aged 97" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-02-04.
- ↑ "RTÉ Archives | Liam Cosgrave". www.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-02-04.
- ↑ Thursday, October 05, 2017-07:55 Am (2017-10-05). "Latest: Ex-Fine Gael leaders pay tribute to 'self-effacing, modest and kind' Liam Cosgrave" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-02-04.
Teachtaí Dála an 21ú Dáil | |
---|---|
Fianna Fáil (83) | Aighleart · Ahern · Allen · D Andrews · N Andrews · Barrett · G Brady · V Brady · Briscoe · Brosnan · S Browne · Burke · Callanan · Calleary · Cogan · Collins · Conaghan · Connolly · Cowen · Crinion · Cronin · Daly · Davern · S de Valera · V de Valera · Doherty · Fahey · Farrell · Filgate · Fitzgerald · Fitzpatrick · Fitzsimons · Flynn · Fox · French · D Gallagher · J Gallagher · Geoghegan-Quinn · J Gibbons · Herbert · Hussey · Keegan · Kenneally · Killeen · Killilea · Lalor · Lemass · J Leonard · T Leonard · Leyden · Loughnane · Mac Raghnaill · Mac Riabhaigh · Mac Searraigh · Mac Uilliam · McEllistrim · Meaney · Molloy · Moore · Morley · Murphy · Nolan · Noonan · Ó Colla · O'Connor · O'Donoghue · Ó hEachthairn · Ó hEochaidh · O'Hanlon · O'Kennedy · O'Leary · Ó Leathlobhair · Ó Loingsigh · Ó Luineacháin · Ó Máille · Power · J Walsh · S Walsh · Woods · Wyse |
Fine Gael (45) | de Barra · R Barry · M Barry · Begley · L Belton · Boland · J Burke · L Burke · Byrne · Clinton · Collins · Conlon · Cosgrave · Creed · Crotty · D'Arcy · de Briotún · Deasy · Donegan · Donnellan · Enright · Fitzpatrick · Flanagan · Gilhawley · Griffin · Harte · Hegarty · Keating · Kelly · L'Estrange · Mac Cosgair · Mac Gearailt · Mannion · McMahon · Mitchell · F O'Brien · W O'Brien · Ó Coinnigh · T O'Donnell · O'Keeffe · R Ryan · Taylor · Timmins · White |
Páirtí an Lucht Oibre (15) | |
Fianna Fáil Neamhspleách (1) | |
Neamhspleáigh (3) |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Text is available under the CC BY-SA 4.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.