James Watson
Bitheolaí Meiriceánach is ea James Dewey Watson (a rugadh ar 6 Aibreán 1928). Tá cáil air mar gheall ar a fhionnachtain ar struchtúr an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh, nó ADN, in éineacht le Francis Crick agus Maurice Wilkins. Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis orthu sa bhliain 1962. Rosalind Franklin a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach an ADN freisin.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thaispeáin Watson is Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2 m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.[1]
Tá cur síos ar an bhfionnachtain ina leabhar The Double Helix (An Déhéilics, 1968). I 1990-4, ina cheannaire ar thionscadal an ghéanóim dhaonna, scéim idirnáisiúnta chun ionad is ord gach géine ar gach crómasóm daonna a aimsiú is a mhapáil.[2]
![](https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f8/James_D_Watson_2.jpg/220px-James_D_Watson_2.jpg)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Text is available under the CC BY-SA 4.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.