For faster navigation, this Iframe is preloading the Wikiwand page for Débhéascna.

Débhéascna

Coincheap sochtheangeolaíoch is ea an débhéascna. Ciallaíonn sí go bhfuil an tsochaí iomlán dátheangach, i gcruth is go n-úsáidtear teanga amháin i réimsí áirithe den tsaol agus den chultúr, agus teanga eile sna réimsí eile. Débhéascna atá i gceist freisin má tá an teanga scríofa chomh difriúil leis an teanga labhartha agus nach féidir í a úsáid go nádúrtha sa ghnáthchumarsáid.

Níl débhéascna i gceist leis an ngnáthdhifríocht idir an teanga scríofa agus an teanga labhartha, nó idir teanga na huasalaicme agus teanga na hísealaicme. Faoi imthoscaí na débhéascna, ní rithfeadh sé leis na huaisle féin an teanga scríofa, nó an "leagan ard", a úsáid le scéal magaidh a insint dá gcairde, ó bheadh sé mínádúrtha ar fad.

Samplaí den débhéascna:

  • Is í an Araibis an sampla clasaiceach. Úsáidtear caighdeán an Chóráin le haghaidh gach sórt saothar liteartha. San am céanna, labhraíonn na daoine léannta féin canúintí atá an-difriúil leis an gcaighdeán, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar an gcineál Araibise a d'úsáideadh na filí nuair a bhí Muhamad beo.
  • Sa Rúis, roimh lá Pheadair Mhóir, bhí an tSean-Slaivis Eaglasta á húsáid mar theanga liteartha, agus canúintí Rúisise á labhairt ag na daoine. Cé go bhfuil an tSean-Slaivis Eaglasta gaolmhar leis an Rúisis, ní "Sean-Rúisis" d'aon chineál atá ann, ach Sean-Bhulgáiris. Inniu féin, tá lorg na débhéascna le haithint ar an Rúisis.
  • I bParagua, is í an Spáinnis an teanga scríofa. Labhraíonn formhór mór na ndaoine an teanga bhundúchasach Guaraní, nó leagan di atá go mór faoi thionchar na Spáinnise.
  • Deirtear gurb í an Phortaingéilis teanga na Brasaíle. Is é an tuairim atá ag teangeolaithe áirithe Brasaíleacha, áfach, go bhfuil gnáthurlabhra na sráide chomh difriúil leis an leagan scríofa den Phortaingéilis nach í an teanga chéanna í, agus, mar sin, gur chóir a rá go bhfuil an débhéascna i bhfeidhm sa Bhrasaíl.
{{bottomLinkPreText}} {{bottomLinkText}}
Débhéascna
Listen to this article

This browser is not supported by Wikiwand :(
Wikiwand requires a browser with modern capabilities in order to provide you with the best reading experience.
Please download and use one of the following browsers:

This article was just edited, click to reload
This article has been deleted on Wikipedia (Why?)

Back to homepage

Please click Add in the dialog above
Please click Allow in the top-left corner,
then click Install Now in the dialog
Please click Open in the download dialog,
then click Install
Please click the "Downloads" icon in the Safari toolbar, open the first download in the list,
then click Install
{{::$root.activation.text}}

Install Wikiwand

Install on Chrome Install on Firefox
Don't forget to rate us

Tell your friends about Wikiwand!

Gmail Facebook Twitter Link

Enjoying Wikiwand?

Tell your friends and spread the love:
Share on Gmail Share on Facebook Share on Twitter Share on Buffer

Our magic isn't perfect

You can help our automatic cover photo selection by reporting an unsuitable photo.

This photo is visually disturbing This photo is not a good choice

Thank you for helping!


Your input will affect cover photo selection, along with input from other users.

X

Get ready for Wikiwand 2.0 🎉! the new version arrives on September 1st! Don't want to wait?