CLG Naomh Seanán (Luimneach)
Béarla: | Saint Senans | ||||||||||||||
Bunaithe: | 1945 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thiar | ||||||||||||||
Peil: | Idirmheánach | ||||||||||||||
Iomáint: | - | ||||||||||||||
Dathanna: | Buí is gorm | ||||||||||||||
Páirc: | Páirc Naomh Seanáin, Faing, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Seanán.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an club bunaithe i bparóiste Seanghualainn/Baile Riobard/Faing ar bhruach theas Béal na Sionainne in Iarthar Contae Luimnigh, 50km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór imreoirí an chlub as na bailte Faing agus Seanghualainn agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Seanad, Clais Ghainimh, Bairrgeoin agus An Chorrghráig.
Cluichí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imrítear ach an pheil amháin sa chlub. Cé gur dheineadh iarracht foireann iomána a bhunú tráth, ní imrítear an spórt sin go forleathan sa pharóiste. Is iad Eas Géibhtine agus Naomh Ciarán na clubanna iomána is gaire do Naomh Seanáin.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Páirc Imeartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá páirc imeartha Naomh Seanán suite i lár bhaile Faing. Is anseo a chruthaíodh an chéad dromchla imeartha uile-aimsear sa chontae.
Imreoirí Cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Conchúir Ó Maoláin (Conor Mullane) agus Eoin Ó Riain (Ian Ryan), a imríonn ar fhoireann sinsear Luimnigh le linn blianta na 2000í.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Limerick GAA (Béarla) Curtha i gcartlann 2008-01-09 ar an Wayback Machine
- Shanagolden-Robertstown-Foynes Parish (Béarla)
- Altanna nuachtáin a fhoilsíodh faoi stair CLG i gContae Luimnigh (Béarla)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
Clubanna CLG i gContae Luimnigh | |
---|---|
Roinn na Cathrach | |
An Roinn Thoir | |
An Roinn Theas | Baile an Londraigh · An Bhánóg · An Charraig Dhubh · Brú na Déise · Brú Rí · Fánaithe na Camóige · Baile an Chaisleáin/Béal Átha Grean · Cromadh · An Dromainn/An tÁth Leacach · Eithbhinn · Garrdha Uí Spiolláin · Gallbhaile · Gaeil Gailtí · An Gleann Rua · An tOspidéal/Cathair Fuinse · Cill Mocheallóg · Cnoc Áine · Stáicéirí de Bhailís |
An Roinn Thiar | Áth Dara · Eas Géibhtine · Áth an tSléibhe · Baile Stiabhana · An Cheapach · Cróch/Cill na Fíonaí · Drom Chollachair/Béal an Átha · An tAthair Ó Cathasaigh · Fíonach/Cill Mhíde · An Fheothanach/Caisleán Uí Mhathúna · Gearóid Ó Gríofa · An Gleann · Greanach/Baile an Gharrdha · Cill Chuarnáin · Cill Íde · Cnoc an Doire · Cnoc Uí Choileáin · Móin na nGé · An Caisleán Nua Thiar · Ráth Caola · Naomh Ciaráin · Naomh Seanán · Teampall an Ghleanntáin · Tuar na Fola |
Suíomh gréasáin: www.limerickgaa.ie |
Text is available under the CC BY-SA 4.0 license; additional terms may apply.
Images, videos and audio are available under their respective licenses.